An Triail Notes
An Triail: Aistriúcháin Ranga
Tá an dráma An Triail, le Máiréad Ní Ghráda, ar cheann de na drámaí is cúmhachtaí ach is fíochmhaire i stair na tíre seo. Bí cinnte go mbainfidh na himeachtaí sa dráma seo stangadh asat ‘s go mbeidh tú ag éirí maoithneach ag an deireadh. É sin ráite, bain taitneamh as agus bí ag faire amach do na teachtaireachtaí comhaimseartha atá ar fáil i rith an dráma.
Gníomh 1 & Gníomh 2
An Triail: Iarcheisteanna 2001-2015
2015: AN TRIAIL (40 marc) [6.7%]
“A muintir féin – a máthair agus a deartháireacha, Liam agus Seán – is cúis le cuid mhór den fhulaingt i saol Mháire sa dráma An Triail.”
Déan plé ar an ráiteas sin.
2014: AN TRIAIL (40 marc) [6.7%]
“Is spéisiúil an léiriú a dhéantar sa dráma An Triail ar an gcineál duine í Bean Uí Chathasaigh, máthair Mháire, agus ar an gcaoi a gcuireann sí leis an tragóid i saol Mháire.”
Déan plé ar an ráiteas sin.
2013: AN TRIAIL (40 marc) [6.7%]
Déan plé ar an bpáirt a ghlacann Pádraig Mac Cárthaigh sa dráma An Triail agus ar an tionchar atá aige ar shaol Mháire Ní Chathasaigh.
2012: AN TRIAIL (40 marc) [6.7%]
“Fulaingt Mháire Uí Chathasaigh agus fimíneacht na sochaí ina leith is mó a léirítear sa dráma An Triail.”
Déan plé ar an ráiteas sin.
2011: AN TRIAIL (40 marc) [6.7%]
(i) ‘Léiríonn na pearsana Pádraig Mac Cárthaigh agus Mailí sa dráma An Triail dhá thaobh chontrártha den saol inar mhair Máire Ní Chathasaigh.’
Déan plé ar an ráiteas sin.
Nó
(ii) ‘Cuireann príomhchoimhlintí an dráma An Triail go mór lenár dtuiscint ar shaol na hÉireann ag am a scríofa.’
Déan plé ar an ráiteas sin.
2010: AN TRIAIL (40 marc) [6.7%]
(i) “Fásann príomhchoimhlintí an dráma as lochtanna nó duáilcí daonna a cheiltear faoi chosúlacht an ghrá.”
Déan plé ar an ráiteas sin agus tú ag tagairt don dráma An Triail.
Nó
(ii) “Is iomaí teicníocht dhrámata a úsáidtear sa dráma An Triail chun forbairt a dhéanamh ar an bpríomhthéama.”
Déan plé ar an ráiteas sin agus tú ag tagairt do dhá theicníocht dhrámata, ar a laghad.
2009: AN TRIAIL (40 marc) [6.7%]
(i) “Na fir is cúis le cuid mhór de thrioblóidí an tsaoil sa dráma An Triail.”
An ráiteas sin a phlé maidir le beirt de na fir sa dráma An Triail.
Nó
(ii) “Tugtar léiriú maith sa dráma seo An Triail ar chás na máthar aonair in Éirinn sna seascaidí.”
An ráiteas sin a phlé.
2008: AN TRIAIL (40 marc) [6.7%]
“Ní ormsa is cóir aon phioc den mhilleán a chur.”
Déan plé ar fhírinne an ráitis sin maidir le beirt de na carachtair seo a leanas sa dráma An Triail: Seán Ó Cathasaigh; Bean Uí Chinnsealaigh ; Bainisteoir na monarchan; Bean an lóistín.
Nó
(ii) Déan plé ar na buanna agus / nó ar na lochtanna a bhaineann leis an léiriú stáitse a dhéantar ar phríomhchoimhlint an dráma seo An Triail.
2007: AN TRIAIL (40 marc) [6.7%]
(i) “Bíonn dualgais agus freagrachtaí ag baint le ról na máthar i gcónaí ach is léir gur theip ar bheirt mháithreacha maidir leis na gnéithe seo dá gcúram sa dráma seo.”
Déan plé ar an ráiteas sin i bhfianaise an dráma An Triail.
Nó
(ii) Tionchar na himní agus na náire ar imeachtaí an dráma An Triail a phlé.
2006: AN TRIAIL (40 marc) [6.7%]
(i) “Tá fimíneacht nó mímhacántacht le feiceáil i mbeagnach gach gné den saol mar a léirítear sa dráma seo é.”
Déan plé ar an ráiteas sin i bhfianaise an dráma An Triail.
Nó
(ii) “Cuireann na teicníochtaí drámata a mbaineann Máiréad Ní Ghráda úsáid astu le príomhchoimhlint an dráma An Triail.”
É sin a phlé i gcás do rogha teicníochtaí sa dráma An Triail.
2005: AN TRIAIL (40 marc) [6.7%]
(i) “I gcás na príomhphearsan Máire Ní Chathasaigh, sa dráma seo, d’fhéadfaí a rá gur uirthi féin atá cuid mhór den locht sa chríoch thragóideach a bhí uirthi.”
Déan plé ar an ráiteas sin.
Nó
(ii) “Is léiriú an-diúltach ar an saol in Éirinn sna seascaidí a chuirtear os ár gcomhair sa dráma seo.”
Déan plé ar an ráiteas sin maidir leis an dráma.
2004: AN TRIAIL (40 marc) [6.7%]
(i) “Is iad na mionphearsana is mó a léiríonn suáilcí agus duáilcí an duine sa dráma seo.”
Déan plé ar an ráiteas sin i gcás do rogha beirt de na mionphearsana seo a leanas:
Bean Uí Chinsealaigh, Mailí, Liam Ó Cathasaigh, Seáinín an Mhótair.
Nó
(ii) Déan plé ar an gcaoi a n-éiríonn (nó nach n-éiríonn) leis an údar an choimhlint ghéar atá in intinn Mháire a chur i gcion ar an lucht féachana.
2003: AN TRIAIL 40 marc [6.7%]
(i) Scríobh tuairisc ghairid ar an bpáirt a ghlacann do rogha beirt de na pearsana seo sa dráma agus ar an gcaoi a gcuireann siad le cur chun cinn an phlota.
Mailí, Bean Uí Chathasaigh, Áine Ní Bhreasail.
Nó
(ii) Déan plé gairid ar a éifeachtaí is a chuirtear an choimhlint agus an teannas os ár gcomhair sa dráma seo.
2002:AN TRIAIL (40 marc) [6.7%]
(i) ‘Is iomaí riail a briseadh sa dráma seo’. Déan plé gairid ar an pháirt a ghlacann briseadh rialacha sa dráma seo maidir le Dhá Cheann de na rialacha úd.
Nó
(ii) Déan plé gairid ar an chodarsnacht a bhí idir an bheirt charachtar, Bean Uí Chathasaigh, máthair Mháire, agus Mailí, an striapach. Déan tagairt speisialta don tionchar a bhí acu ar phríomhimeachtaí an dráma.
2001:AN TRIAIL (40 marc) [6.7%]
(i) “Mharaigh mé mo leanbh de bhrí gur cailín í. Tá sí saor. Ní bheidh sí ina hóinsín bhog ghéilliúil ag aon fhear.”
Déan plé ar an bpáirt a ghlacann na fir sa dráma seo agus ar an léiriú a dhéantar orthu.
Nó
(ii) Déan trácht ar an tragóid a léirítear sa dráma seo agus ar an gcaoi a gcuirtear an tragóid sin os ár gcomhair.